Tá Pobail le Chéile san Fhál Carrach ag lorg Bainsteora.
Is é ról an bhainisteora Tionscadal Forbartha Pobail ná plean oibre an CDP a chur i bhfeidhm i gcomhar leis an mBord Deonach Stiúrthóirí, baill foirne agus oibrithe deonacha.
Faoi láthair tá an Comhlacht ag earcú: Bainisteoir (Post Lánaimseartha)
Dualgais Ghinearálta
- A chinntiú go mbaintear amach aidhmeanna agus cuspóirí foriomlána an Phlean Straitéisigh cúig bliana i ndlúth-chomhoibriú leis an bhfoireann agus le Bord Bainistíochta Pobail Le Chéile.
- Siopa Pobail Thrifty Shop a bhainistiú agus tacaíocht agus maoirseacht a thairiscint don fhoireann ar fad lena n-áirítear oibrithe CE, TUS, WPEP agus oibrithe deonacha.
- Beartais a bhaineann le dea-rialachas agus bainistíocht an Ionaid a chur i bhfeidhm, mar shampla Cód Rialachais na gCarthanas, Sláinte & Sábháilteacht, Clár Riosca, Beartas Gearán etc.
- Ionadaíocht a sholáthar thar ceann an ghrúpa ar choistí, áisíneachtaí agus boird chun cuimsiú a chur chun cinn, ag tógáil caidrimh dhearfacha m.sh: CYPSC Dhún na nGall, Coiste Cúram Leanaí Chontae Dhún na nGall, DFPSS, foireann sláinte poiblí.
- Bheith san airdeall ar dheiseanna maoinithe agus a bheith in ann iarratas a dhéanamh chuig comhlachtaí cuí chun tionscadail éagsúla a fhorbairt agus a stiúradh de réir aidhmeanna Pobail le Chéile.
- Taifid mhaithe a choinneáil ar mheastóireacht agus monatóireacht ar gach clár.
- Oibriú le Bord Pobail Le Chéile chun cur lena n-acmhainn agus chun na dualgais airgeadais, dlí, AD agus muiníne laistigh de Phobail Le Chéile a chur i bhfeidhm agus a mhaoirsiú.
- Oibriú go dlúth leis an gCisteoir agus leis an Oifigeach Airgeadais chun pleananna oibre agus buiséid a fhorbairt.
- Tuairisc mhíosúil a thabhairt don Bhord Bainistíochta maidir le gníomhaíochtaí na nIonad Pobail, ceisteanna a éiríonn, bainistíocht foirne srl. Tuairiscí oibre ráithiúla/nuashonraithe a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta.
- Aon dualgais eile a mheasfar a bheith réasúnach de réir mar a ordóidh Coiste Bainistíochta Pobail Le Chéile.
Sonraíocht Duine
Oideachas
- Cáilíocht ábhartha tríú leibhéal i bhForbairt Pobail, Cúram Sóisialta, Oideachas Eolaíochta Sóisialta Obair Shóisialta agus/nó 3 bliana de thaithí ag obair san Earnáil Phobail agus Dheonach le taithí i suíomh forbartha pobail.
- Tuiscint ar fhorbairt agus prionsabail pobail, cuimsiú sóisialta, fachtóirí eacnamaíocha agus comhshaoil agus a dtionchar ar phobail.
- Cumas oibriú i gcomhar le raon leathan páirtithe leasmhara chun tionscnaimh a fhorbairt agus torthaí dearfacha a bhaint amach do dhaoine faoi mhíbhuntáiste agus cuimsiú sóisialta.
Taithí / Scileanna Riachtanacha:
- Ardscileanna cumarsáide Gaeilge labhartha agus scríofa.
- A bheith in ann scileanna bainistíochta tionscadail a léiriú lena n-áirítear monatóireacht agus meastóireacht.
- Scileanna líonraithe agus an cumas oibriú le raon gníomhaireachtaí deonacha agus reachtúla.
- Taithí agus eolas ar chistí a aimsiú, agus iarratais ar mhaoiniú a dhéanamh.
- A bheith in ann maoirsiú agus tacaíocht a thabhairt do bhaill foirne agus oibrithe deonacha.
- A bheith in ann oibriú go cairdiúil le Bord Bainistíochta Pobail Le Chéile agus a bheith freagrach dó.
Scileanna Cumarsáide agus Idirphearsanta
• Eagrú, pleanáil agus tosaíocht a thabhairt ar a dtionscnamh féin, lena n-áirítear faoi bhrú agus spriocdhátaí a chomhlíonadh.
• Sárscileanna cumarsáide, IT agus tuairiscí a scríobh lena n-áirítear scileanna meán ar líne.
• Cumas caidreamh a dhéanamh le daoine ó raon leathan cúlraí agus dul i ngleic le spriocghrúpaí.
Chun Iarratas a Dhéanamh
Beidh an té a cheapfar sa phost lonnaithe in Pobail Le Chéile. Chun cur síos ar an bpost seol teachtaireacht chuig: recruitmentplec@gmail.com
Tá an post seo á mhaoiniú ag Údarás na Gaeltachta
Iarratais le CV agus litir chlúdach roimh 5:00i.n. Dé hAoine an 8ú Samhain 2024 chuig: recruitmentplec@gmail.com