FOLÚNTAIS: Tá trí phost mar Oifigeach Forbartha á dtairiscint ag Tuismitheoirí na Gaeltachta.
Oifigeach Forbartha (Dún na nGall) x 2
Oifigeach Forbartha (Teicneolaíocht & na Meáin) x 1
Beidh beirt Oifigeach Forbartha ag obair sa phobal i nGaeltacht Dhún na nGall mar a mbeidh suas le trí Limistéar Pleanála Teanga faoina gcúram. Beidh siad freagrach as seirbhísí, imeachtaí, ócáidí agus scéimeanna Thuismitheoirí na Gaeltachta a eagrú agus a fhorbairt sna ceantair sin.
Beidh Oifigeach Forbartha eile freagrach as cúrsaí teicneolaíochta san eagraíocht a riar – suíomh idirlín, nuachtlitir, meáin shóisialta, córas clárúcháin srl.
D’fhéadfadh na daoine a cheapfar a bheith lonnaithe in oifig na heagraíochta i nGaoth Dobhair nó i suíomhanna oibre lárnacha eile, atá le roghnú go fóill, sna ceantair ina mbeidh siad ag feidhmiú.
Tá tuarastal an Oifigigh Forbartha bunaithe ar scála pá d’Oifigeach Feidhmiúcháin sa tSeirbhís Phoiblí (€34,562 – €56,969).
Tá tuilleadh eolais faoi na poist seo, na ceantair a mbeidh daoine ag obair iontu agus conas iarratas a dhéanamh ag www.tuismitheoiri.ie
Dáta deireanach d’iarratais: 1.00in Dé hAoine 28 Meitheamh 2024