There was a great turnout for the launch of Róise Ní Bhaoill’s first poetry collection ‘Idir an Dá Fhearsaid’ on Friday last.
This is Róise Ní Bhaoill’s first collection of poetry. Published by Éabhlóid who also published Róise’s collection of short stories Imram agus Scéalta Éile which won Leabhar Gaeilge na Bliana at the prestigious An Post Irish Book Awards in 2023.
Cathal Goan was on hand to officially launch the title at Áislann Rann na Feirste.
Cathal said: “seo é an t-éan ar dhual dó sciurdadh as an ealta. Seo an tseoid a leagann síos slat tomhais eile úrnua ar fad do litríocht Rann na Feirste feasta agus a dhéanann an méid sin gan a bheith faoi chomaoin ag a dtáinig roimpi; seo insint mhná ar eispéireas an duine aonair; grá, gráin, fearg, dobhrón, cumha, dáimh, collaíocht, éad, lúcháir chroí agus anama, dianmhachnamh agus domhain-thuiscint ar chás an duine dhaonna, ar chás an duine ar deoraíocht, ar chás an andúiligh, ar chás an duine atá ceaptha idir dhá dtír nó idir dhá fhearsaid, thiar agus thoir.”
[This is the bird that wants to leave the flock. This is the jewel that lays down a new yard stick for literature of Rann na Feirste and in so doing is not constrained by those that came before her. This is a woman’s account of her unique experience; love, hate, sorrow, homesickness, empathy, sexuality, jealousy, joyfulness and soulfulness, deep-thinking and deep understanding of the condition of humanity, the experience of the exile, the addict, the experience of one who is caught between two places or between two axes, east and west ]
At the event on Friday another famous writer, Seosamh Mac Grianna from Rann na Feirste, was also celebrated when Eoghan Mac Giolla Bhríde launched the new edition of the book An Grá agus an Ghruaim.
First published by An Gúm in 1929 it had been out of print for many years. This newest edition published by Éabhlóid is based on the first edition of the book and is faithful to the dialect and rich sound of the author, Seosamh Mac Grianna.
Eoghan Mac Giolla Bhríde said “Pribhléid mhór dúinne a bheith ag foilsiú eagrán úr de An Grá agus an Ghruaim. Tá scríbhneoireacht Mhic Grianna fíorthábhachtach domhsa go pearsanta nó chuaigh sé i bhfeidhm go mór orm mar léitheoir óg ag léamh ficsean, ní amháin i mo theanga dhúchais ach a bhí ar ardchaighdeán litríochta. Is mór an tógáil croí é scríbhneoirí cruthaitheacha mar Róise Ní Bhaoill a fheiceáil ag teacht leis an “mháilín”, ar thrácht Mac Grianna air ina chuid scríbhneoireachta, a iompar agus Rann na Feiste a chur i bhfíorthosach na litríochta Gaeilge arís. Tá muid iontach buíoch d’achan duine a tháinig amach don ócáid.”
[It’s a great privilege to publish this new edition of An Grá agus an Ghruaim. On a personal level, the writing of Seosamh Mac Grianna is incredibly important to me. As a young reader it affected me deeply to read fiction not only in my native language, but literature that was of such high standard. It is an immense pleasure to see a creative writer like Róise Ní Bhaoill carrying on the baton and putting Rann na Feirste firmly at the forefront of Irish language literature. We are so grateful to all those who came out for the event”]
And with the sun going down behind Rann na Feirste on Friday it was clear that the crowd had enjoyed the evening celebrating two giants of literature who both hail from the tiny leathinis of Rann na Feirste, Róise Ní Bhaoill and Seosamh Mac Grianna.
Amongst the stars were Maighréad Ní Dhomhnaill, Paddy Glackin, Marcus Ó Murchú, Dónall Mac Ruairí and Bríd Anna Ní Bhaoill. Idir an Dá Fhearsaid and An Grá agus an Ghruaim are available at
Slua mór i láthair ag ócáid litríochta in Áislann Rann na Feirste
Rinne Cathal Goan leabhar úr filíochta leis an scríbhneoir aitheanta Róise Ní Bhaoill a sheoladh in Áislann Rann na Feirste Dé hAoine. Bhí slua mór i láthair ag an ócáid speisialta seo a rinne ceiliúradh ar dhuine de mhórscríbhneoirí na tíre.
Ag labhairt ag an tseoladh, dúirt Cathal Goan faoin leabhar úr Idir an Dá Fhearsaid: “seo é an t-éan ar dhual dó sciurdadh as an ealta. Seo an tseoid a leagann síos slat tomhais eile úrnua ar fad do litríocht Rann na Feirste feasta agus a dhéanann an méid sin gan a bheith faoi chomaoin ag a dtáinig roimpi; seo insint mhná ar eispéireas an duine aonair; grá, gráin, fearg, dobhrón, cumha, dáimh, collaíocht, éad, lúcháir chroí agus anama, dianmhachnamh agus domhain-thuiscint ar chás an duine dhaonna, ar chás an duine ar deoraíocht, ar chás an andúiligh, ar chás an duine atá ceaptha idir dhá dtír nó idir dhá fhearsaid, thiar agus thoir.”
Is é seo an chéad chnuasach filíochta le Róise Ní Bhaoill agus is iad na foilsitheoirí Éabhlóid a chur amach é. I 2022 d’fhoilsigh Éabhlóid cnuasach gearrscéalta le Róise Ní Bhaoill, Imram agus Scéalta Eile, a bhuaigh an duais mór le rá, Leabhar Gaeilge na Bliana ag An Post Irish Book Awards i 2023.
Ag an ócáid chéanna Dé hAoine, rinneadh ceiliúradh ar mhórscríbhneoir eile as Rann na Feirste, Seosamh Mac Grianna, nuair a sheol Eoghan Mac Giolla Bhríde eagrán úr den leabhar An Grá agus an Ghruaim. Leabhar í seo a d’fhoilsigh an Gúm den chéad uair in 1929 agus tá an t-eagrán úr bunaithe ar an chéad eagrán sin agus é dílis do chanúint agus do bhlás shaibhir an údair.
Ag labhairt faoin ócáid, dúirt Eoghan: ‘Pribhléid mhór dúinne a bheith ag foilsiú eagrán úr de An Grá agus an Ghruaim. Tá scríbhneoireacht Mhic Grianna fíorthábhachtach domhsa go pearsanta nó chuaigh sé i bhfeidhm go mór orm mar léitheoir óg ag léamh ficsean, ní amháin i mo theanga dhúchais ach a bhí ar ardchaighdeán litríochta. Is mór an tógáil croí é scríbhneoirí cruthaitheacha mar Róise Ní Bhaoill a fheiceáil ag teacht leis an “mháilín”, ar thrácht Mac Grianna air ina chuid scríbhneoireachta, a iompar agus Rann na Feiste a chur i bhfíorthosach na litríochta Gaeilge arís. Tá muid iontach buíoch d’achan duine a tháinig amach don ócáid.”
Agus an ghrian ag dul síos ar chúl Rann na Feirste Dé hAoine, bhí sé soiléir gur bhain an slua pléisiúr as an oíche a rinne ceiliúradh ar bheirt dá gcuid scríbhneoirí, Róise Ní Bhaoill agus Seosamh Mac Grianna. I measc na réalta a bhí i láthair bhí Mairéad Ní Dhomhnaill, Paddy Glackin, Marcus Ó Murchú, Dónall Mac Ruairí agus Bríd Anna Ní Bhaoill.
Idir an Dá Fhearsaid agus An Grá agus an Ghruaim ar fáil ó shuíomh Éabhlóide: www.eabhloid.com