As Ealaín na Gaeltachta celebrates 25 years, they shine a spotlight on the vibrant arts scene in the Gaeltacht for ten days in November.
From Friday November 10th to Sunday 19th, there will be 21 events in 14 venues across the Gaeltacht, 100 classes and arts events for young people as well as two festivals – An Fhéile Bheag Filíochta in An Daingean and Féile Liteartha Chorca Dhuibhne. This diverse programme offers a window in to the lively arts landscape in the Gaeltacht, even in these darker evenings of winter.
The celebration will kick off, Friday in Donegal with Blaidaire an entertainment show presented by Áine Ni Bhreisleáin broadcasting live for over two hours from RTÉ Raidió na Gaeltachta, showcasing the very best of Gaeltacht artists from around the country and chatting about the history of Ealaín na Gaeltachta and what their supports have meant these last 25 years to Gaeltacht communities.
Later on Friday, the 10th of November, Údarás na Gaeltachta in partnership with Ealaín na Gaeltachta will announce an exciting new opportunity in recognition of Clannad’s influence on the Irish language through their music.
The launch of Ealain na Gaeltachta’s current strategy (2023-2027) will also form part of the exciting programme. In addition a two day gathering celebrating many years of international collaborations with our Celtic neighbours will place, on Thursday and Friday, 16th and 17th of November. Celtic collaborations over the last 25 years will be celebrated with musicians such as Síle Denvir, Máire Ní Churraoin, and James Dumbleton from the island of Guernsey, amongst others.
Throughout the celebration Ealaín na Gaeltachta will celebrate the creative communities, outstanding artists, invaluable venues and arts organisations which are the essence of the Gaeltacht and central to the vibrant life of the Gaeltacht arts.
Established in 1997 as a partnership between the Arts Council and Údarás na Gaeltachta, Ealaín na Gaeltachta’s mission is to develop contemporary and traditional arts in the Gaeltacht. They have supported 6 arts venues across the Gaeltacht areas and, this year, supported 29 festivals. Ealaín’s support for individual artists includes a bursary award which offered support to 53 artists this year and a residency for a Gaeltacht artist at the Centre Culturel in Paris each year.
The exceptional artistic life that is flourishing in the Gaeltacht areas is demonstrated by the unprecedented demand for Ealaín na Gaeltachta’s funding support over the past few years. They are staunchly pushing for funding to meet this demand.
“The arts play a fundamental part in Gaeltacht life. There is a rich repertoire of the Gaeltacht’s cultural heritage that has been preserved and strengthened over time in music, storytelling and drama in particular. The arts foster an imaginative and creative image of the Gaeltacht and the Irish language, serving as a bridge to the exciting life of the language.” – Tómas Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach ar Údarás na Gaeltachta.
Micheál Ó Fearraigh, Feidhmeannach Forbartha Ealaíne commented by quoting the well-known Rann na Feirste writer, Seosamh Mac Grianna “Tá an saol mór lán den fhilíocht don té dar dual a thuigbhéail agus ní thráfaidh an tobar go deo na ndeor”, Micheál Fearraigh also added that this is not only true for poetry but is true for the arts in the Gaeltacht. It is a privilege for us in Ealaín na Gaeltachta to have had the opportunity to support the development of traditional and contemporary arts over the past 25 years.”
International work has been a feature of Ealaín’s work for many years, with a particular emphasis on fostering relationships with other minoritised-language communities. They will reflect on some of this work during the celebration, as well as bringing together new generations of artists from different countries.
Ealaín has been dedicated to supporting young people to engage with the arts since 1999 and, since 2019, the Cuisle initiative, a programme in the traditional arts for young people throughout the Gaeltacht began in 2019 with support from The Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media (€1.6 million between 2019 and 2022). A pilot programme in Drama for Young People in the Gaeltacht began in 2021, supported by the Department of TCEGSM to the value of €150,000. Throughout the year, their work directly engages with at least 2,534 young people.
This week is a celebration of all that work and the arts communities of the Gaeltacht. Because of the people who generously share their arts and creativity with us, the Gaeltacht is a wonderful place to live. So, join the celebration from the 10th to the 19th of November!
See the full programme on ealain.ie and follow on social media for more.
Ceiliúradh 25 Bliain Ealaín na Gaeltachta
Ar feadh deich lá i mí na Samhna, agus Ealaín na Gaeltachta ag ceiliúradh 25 bliain ar an fhód, beidh spotsolas á chur ar na healaíona Gaeltachta, agus ar obair Ealaín na Gaeltachta a thacaíonn leo, áit a mbeifear ag léiriú na cruthaitheachta agus saibhreas na n-ealaíon atá beo beathach sa Ghaeltacht.
Tá fáilte roimh chách chun ceiliúradh a dhéanamh ar ár seirbhís 25 bliana d’ealaíona, do chultúr agus d’oidhreacht na Gaeltachta.
Ón Aoine, an 10 Samhain, go dtí an Domhnach, an 19 Samhain, beidh 21 imeacht in 14 ionad, 100 rang agus imeachtaí óige ar siúl i gceantair Ghaeltachta, mar aon le 2 fhéile – An Fhéile Bheag Filíochta sa Daingean and Féile Liteartha Chorca Dhuibhne. Taispeánann an clár ilghnéitheach seo saol bríomhar na n-ealaíon atá sa Ghaeltacht, fiú le linn thráthnóntaí dorcha an gheimhridh.
Cuirfear tús leis an cheiliúradh, Dé hAoine, i nDún na nGall leis an seó siamsaíochta Bladhaire, á chur i láthair ag Áine Ní Bhreisleáin ó RTÉ Raidió na Gaeltachta, ag cur scoth na n-ealaíontóirí Gaeltachta ó gach cearn den tír i láthair agus ag caint faoi stair Ealaín na Gaeltachta agus an tionchar a bhí ag a gcuid tacaíochtaí ar phobal na Gaeltachta le 25 bliain anuas.
Níos déanaí Dé hAoine, an 10 Samhain, fógróidh Údarás na Gaeltachta, i gcomhpháirtíocht le hEalaín na Gaeltachta, deis speisialta chun aitheantas a thabhairt don tionchar a bhí ag Clannad ar an nGaeilge trína gcuid ceoil.
Beidh imeachtaí breise a chur i láthair mar chuid den cheiliúradh comh maith. Seolfar Straitéis Ealaín na Gaeltachta 2023-2027 i Stiúideo Cuan, An Spidéal i gContae na Gaillimhe, ar an Déardaoin, 16ú Samhain ag a 3 chlog. Le ceiliúradh a dhéanamh ar obair idirnáisiúnta Ealaín na Gaeltachta le fiche is a cúig bliain anuas, beidh ealaíontóirí a tharraingt le chéile ó thíortha Ceilteach ina measc beidh Síle Denvir, Máire Ní Churraoin, agus James Dumbleton ó Guernesy.
Le linn na tréimhse seo, déanfar ceiliúradh ar na pobail chruthaitheacha, na healaíontóirí samhlaíocha, na hionaid agus na heagraíochtaí luachmhara, atá i gcroílár shaol bríomhar na n-ealaíon Gaeltachta.
Bunaíodh Ealaín na Gaeltachta i 1997 tríd chomhpháirtíocht idir Údarás na Gaeltachta agus an Chomhairle Ealaíon. Is é príomhsprioc na heagraíochta ná earnáil na n-ealaíon Gaeltachta a fhás agus a fhorbairt. Tugann Ealaín na Gaeltachta maoiniú do 6 ionad ealaíon ar bhonn bliantúil, agus i mbliana, tugadh tacaíocht do 29 féile ealaíon agus bronnadh sparánacht ar 53 ealaíontóir aonair. Sa bhreis air sin, tugtar deis d’ealaíontóir Gaeltachta tréimhse chónaitheachta a chaitheamh in Centre Culturel i bPáras gach bliain.
Léiríonn an t-éileamh ar an maoiniú seo le blianta beaga anuas an saol ealaíne atá faoi bhláth sa Ghaeltacht. Bíonn Ealaín na Gaeltachta de shíor ag iarraidh maoiniú a fháil chun an t-éileamh sin a shásamh.
“Tá na healaíona lárnach i gcultúr na Gaeltachta. Tá oidhreacht shaibhir chultúrtha ag an Ghaeltacht atá neartaithe agus caomhnaithe le himeacht ama, go háirithe maidir le ceol, sean-nós, scéalaíocht agus drámaíocht. Is droichead go saol spleodrach na Gaeilge iad na healaíona, agus cothaíonn siad íomhá shamhlaíoch agus chruthaitheach don Ghaeltacht agus don Ghaeilge.” – Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach ar Údarás na Gaeltachta.
“Tá an saol mór lán den fhilíocht don té dar dual a thuigbheáil agus ní thráfaidh an tobar go deo na ndeor” a dúirt an scríbhneoir clúiteach as Rann na Feirste, Seosamh Mac Grianna. Tá seo amhlaidh, ní hamháin don fhilíocht, ach do na healaíona ar fad, agus is pribhléid dúinn in Ealaín na Gaeltachta go bhfuil deis againn tacú le forbairt agus le spreagadh na n-ealaíon traidisiúnta agus comhaimseartha sa Ghaeltacht le 25 bliain anuas.” – Micheál Ó Fearraigh, Feidhmeannach Forbartha Ealaíon.
Tá obair idirnáisiúnta mar ghné d’obair Ealaín na Gaeltachta le blianta fada, le béim ar leith ar chaidreamh a chothú le tíortha ina bhfuil teangacha mionlaigh. Déanfar machnamh ar chuid den obair sin le linn an cheiliúrtha, chomh maith le glúin nua ealaíontóirí ó thíortha éagsúla a thabhairt le chéile.
Téann obair Ealaín maidir leis an óige siar tuairim is fiche bliain. Tháinig borradh mór air sin in 2019 nuair a chuir an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maoiniú €1.6 milliún ar fáil dúinn do chlár Cuisle, clár sna healaíona dúchasacha, agus ciste €150,000 do chlár píolótach drámaíochta don óige in 2021. Téann an maoiniú seo i bhfeidhm ar thart ar 2,534 duine óg in aghaidh na bliana.
Is ceiliúradh atá sa tseachtain seo ar an obair sin ar fad agus ar phobail ealaíon na Gaeltachta. Mar gheall ar na daoine siúd a roinneann a gcuid ealaíon agus a gcuid cruthaitheachta linn go fial flaithiúil, is áit iontach í an Ghaeltacht le cónaí ann. Mar sin, bí páirteach sa cheiliúradh ón 10 go dtí an 19 Samhain!
Gach eolas faoi na himeachtaí go léir le fáil ar ealain.ieagus ar na meáin shóisialta.
Tags: