Public Consultation 2: Donegal County Council with the support of Transport Infrastructure Ireland invite the residents of the Bridgend local area, members of the public and other interested parties to participate in this second non-statutory public consultation for the N13 Bridgend to the County Boundary Route Improvement Project.
We are currently at Option Identification Stage. The aim of the consultation is to receive feedback on the preliminary options prior to developing a preferred Emerging Route Corridor.
A Public Display of the preliminary options will take place in:
An Grianán Hotel Burt, Co. Donegal on Tuesday 6th September 2022 between the hours of 10:00 and 20:00
County Council staff and their Design Consultants will be available to listen to and register your views.
The Consultation period will run from 6th September to 4th October 2022.
For additional project information, or to complete the feedback form online, please visit the dedicated project webpage; www.N13Bridgend.ie
COMHAIRLIÚCHÁN POIBLÍ 2: Tá Comhairle Chontae Dhún na nGall, le tacaíocht ó Bhonneagar Iompair Éireann, ag iarraidh ar áitritheoirí i gceantar áitiúil Cheann an Droichid, ar an bpobal agus ar pháirtithe leasmhara eile a bheith páirteach sa dara comhairliúchán poiblí neamhreachtúil seo maidir le Tionscadal Feabhsúcháin Bhealach N13 Cheann an Droichid go Teorainn an Chontae.
Is ag fochéim Aithint na Roghanna atá muid i láthair na huaire. Is é aidhm an chomhairliúcháin aiseolas a fháil ar na roghanna tosaigh sula ndéanfar an Chonair Bhealaigh is Dealraithí a Roghnófar a fhorbairt.
Reáchtálfar Taispeántas Poiblí de na roghanna tosaigh in: Óstán an Ghrianáin, An Bheart, Co. Dhún na nGall ar Dé Máirt, an 6 Meán Fómhair, 2022. idir na huaireanta 10:00 agus 20:00
Beidh baill foirne na Comhairle Contae chomh maith le Comhairleoirí Deartha na Comhairle ar fáil chun éisteacht le do chuid tuairimí agus iad a chlárú.
Idir an 6 Meán Fómhair agus an 4 Deireadh Fómhair, 2022 an tréimhse a bheidh i gceist leis an gComhairliúchán. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an tionscadal, nó chun an fhoirm aiseolais a chomhlánú ar líne, téigh chuig leathanach gréasáin ar leith an tionscadail ag; www.N13Bridgend.ie