Is comhlacht pobalbhunaithe é Togra Fiontar & Cultúr Uladh Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta, a fhorbraíonn cúrsaí sóisialta, cultúrtha, teanga, oideachais agus eacnamaíochta i gceantar Mhachaire Rabhartaigh.
Faoi láthair tá an comhlacht ag earcú:
Bainisteoir (Post Lánaimseartha)
Taithí / Scileanna Riachtanacha:
- Scileanna Gaeilge idir labhartha agus scríofa
- Scileanna cumarsáide agus idirphearsanta
- Taithí bainistíochta
- Scileanna cuntasaíochta
- Tionscnaimh a chomhordú agus a bhainistiú
- Taithí oibre i bhforbairt pobail
- Taithí ag plé le heagraíochtaí áitiúla pobail agus Stáit
- Ceadúnas tiomána reatha agus modh iompair
Dualgais:
- Freagracht a ghlacadh as gach gné de smachtú airgeadais, comhfhreagras agus fiosrúcháin an chomhlachta
- Bainistiú a dhéanamh ar Ionad Mhachaire Rabhartaigh, Teach Mhicí Mhic Gabhann, an t-ionad súgartha & leithris phoiblí na céibhe
- Comhoibriú agus ceangal a dhéanamh le grúpaí pobail, eagrais reachtúil agus eagrais stáit
- Pleanáil, forbairt agus comhordú a dhéanamh ar chlár bliantúil imeachtaí sóisialta, oideachais, teanga, cultúrtha an chomhlachta.
- Tuairisc mhíosúil a thabhairt don choiste stiúrtha
- Solúbthacht ó thaobh uaireanta oibre
Beidh an té a cheapfar sa phost lonnaithe in Ionad Mhachaire Rabhartaigh. Chun tuilleadh eolais a fháil faoin phost, seol ríomhphost chuig: tografiontar@gmail.com
Tá an post seo á mhaoiniú ag ‘Pobal’ trí an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobal
Iarratais le CV agus litir chumhdaigh roimh 5:00i.n. Dé hAoine an 28ú Bealtaine chuig: An Cathaoirleach, Togra Fiontar & Cultúr Uladh Ctr, Ionad Mhachaire Rabhartaigh, Gort a’ Choirce, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall, F92 YF90 nó trí r-phost chuig: tografiontar@gmail.com
Tags: