Donegal actor and writer Niall Mac Eachmharcaigh has joined the judging panel of a new short story competition themed on TG4 soap opera, Ros na Rún.
The competition invites children and young people to showcase their Irish Language, creative writing talents and imagination during the Covid-19 lockdown.
It is also aimed at supporting parents who are homeschooling their children to focus on the use of the Irish language and writing skills.
The writing competition is centred on two key themes, where budding young writers are asked to choose their preferred Ros na Rún character, whom they would most like to self- isolate with and how they imagine a 14 day quarantine would transpire with the chosen character.
The second theme looks at what the future holds for the writer, post the coronavirus outbreak, will life as they’ve known it so far change?
The competition is opened three age categories from 6 to 9 year olds, and 10 to 14 years are both asked to submit 300 word creations in Irish. The third category is aimed at 15 to 18 year olds who are required to submit 500 word creations in Irish to Ros na Rún.
Writers are asked to have their completed entries to leiriuchain@rosnarun.comno later than 5pm on the 24th of April 2020.
The judging panel will feature Niall Mac Eachmharcaigh from Rann na Feirste, who’s an accomplished writer and plays the part of John Joe Daly in Ros na Rún, alongside Domhnall O’Donoghue who plays Pádraig, also an accomplished travel writer and published fiction writer, and Tom Kenny, Director of competition sponsors Kennys Bookshop, and Gallery Galway and leading historian.
Ros na Rún, now in its 24th season on TG4, are delighted to welcome the world renowned Galway family bookshop, Kennys of Galway on board as sponsors. Celebrating 80 years of business, Kennys are sponsoring 3 book hampers to the value of €50 each for the winners of each age group category.
The exclusive hampers will include a combination of Irish language and English books for the winning writers. Runners up in each category will receive an exclusive Ros na Rún goodie bag.
The winners in each category will also have the opportunity to read from their winning creation on the TV set of Ros na Rún ahead of the opening of series 25.
Ros na Rún, Sobaldráma le TG4 ag fógairt Comórtas Scríbhneoireacht Chruthaitheach as Gaeilge atá urraithe ag Siopa Leabhar Kenny’s
Tá teaghlaigh thart timpeall na hÉireann ag fanacht sa bhaile agus ag fanacht istigh de bharr aicíd an Víreas Corónach. Tá léiritheoirí Ros na Rún, an t-aon sobaldráma tuaithe in Éirinn as Gaeilge, ag tabhairt cuireadh do pháistí agus do dhaoine óga a gcuid Gaeilge, cumas scríbhneoireacht chruthaitheach, agus a gcuid samhlaíochta a léiriú trí Chomórtas Scríbhneoireachta Gearrscéalta, atá urraithe ag an siopa leabhar clainne Kenny’s, atá lonnaithe i nGaillimh ach a bhfuil clú domhanda orthu, agus atá ag ceiliúradh ceithre scór bliain ar an bhfód i mbliana.
Tá comórtas scríbhneoireachta Ros na Rún dírithe ar dhá phríomhthéama. Don chéad téama, tá ar na scríbhneoirí óga an carachtar is fearr leo féin i Ros na Run a phiocadh; an duine ab fhearr leo fanacht sa bhaile leo, an bealach a shamhlódh siad 14 lá ar coiraintín a chaitheamh leo agus céard iad na rudaí a tharlódh leis an gcarachtar seo. An dara téama ná céard atá i ndán don scríbhneoir nuair a thagann deireadh le aicíd an Víreas Corónach, an mbeidh athrú ar an saol a bhfuil cleachtadh acu air go dtí seo?
Tá an comórtas oscailte do thrí aoisghrúpa. Ó 6 go dtí 9 mbliana d’aois agus ó 10 go dtí 14 bliain d’aois, tá ar an dá aoisghrúpa sin píosa scríbhneoireachta 300 focal as Gaeilge a scríobh. Tá an tríú catagóir dírithe orthu siúd atá 15 go dtí 18 bliain d’aois agus tá orthu siúd píosa 500 focal as Gaeilge a scríobh do Ros na Rún.
Is í an aidhm atá ag an togra seo ná cabhair a thabhairt do thuismitheoirí atá ag cur scoil ar a gcuid páistí sa bhaile agus díriú ar úsáid a bhaint as an Ghaeilge. Tá an-spéis ag Ros na Rún tacaíocht dearfach a thabhairt do chruthaitheacht, scríbhneoireacht, samhlaíocht agus don Ghaeilge.
“Is faoi a bheith ag insint scéalta agus ag cruthú dramaíocht faoin saol mar atá do lucht féachanna TG4 atá Ros na Rún”, a deir Marion Ní Loingsigh, léiritheoir sraithe an sobaldráma a bhfuil tóir air. “Tá teaghlaigh agus daoine ó chuile aoisghrúpa sáinnithe sa bhaile agus tá bealaí atá dearfach agus éifeachtach ag teastáil chun a n-intinn agus a gcuid samhlaíochta a dhíriú ag an am dúshlánach seo. Ón taithí atá ag ár gcliar agus foireann léirithe atá ag cur scoil ar a gcuid páistí ó bhaile faoi láthair, chomh maith leis an dream atá ag obair sa chúlra chun snáithe scéil an chúigiú séasúr is fiche a chríochnú don Fhómhar seo chugainn, cheap muid gur bealach feiliúnach é le bheith i dteagmháil lenár lucht féachana agus comórtas scríbhneoireachta gearrscéalta a sheoladh.” a dúirt Ní Loingsigh, “Tá an-spéis ag Ros na Rún i gcónaí tacaíocht a thabhairt don fhoghlaim, don oideachas, don scríbhneoireacht chruthaitheacht, do shamhlaíocht na ndaoine agus ar ndóigh don Ghaeilge, rudaí a chuireann le rath ár sobaldráma.”.
Tá ríméad ar Ros na Rún, atá anois i mbun an 24ú sraith ar TG4, fáilte a chur roimh shiopa leabhar clainne clúiteach na Gaillimhe, Kenny’s, mar urraitheoirí. Agus ceithre scór bliain gnó á cheiliúradh acu, tá Kenny’s ag urú 3 chiseán leabhair le luach €50 do bhuaiteoirí gach catagóir. Sna ciseáin eiseacha seo beidh meascán leabhair Ghaeilge agus Béarla do na scríbhneoirí buaiteacha. Beidh málaí le duaiseanna Ros na Rún ar fáil dóibh siúd a thagann sa dara háit i ngach catagóir.
I measc moltóirí an chomórtais beidh cuid de phríomh-aisteoirí sobaldráma TG4 Ros na Rún; Niall Mac Eachmharcaigh ó Ghaeltacht Thír Chonaill, scríbhneoir cumasach a dhéanann páirt John Joe Daly, agus Domhnall O’ Donoghue, scríbhneoir cumasach eile a dhéanann páirt Phádraig agus a bhfuil a scríbhneoireacht taistil agus ficsean curtha i gcló. Beidh Tom Kenny ina dteannta, staraí aitheanta atá ina stiúrthóir ar shiopa leabhar Kenny’s agus Gailearaí na Gaillimhe.
Iarrtar ar scríbhneoirí a n-iontrálacha críochnaithe a sheoladh chuig leiriuchain@rosnarun.com roimh a 5in ar an 24ú Aibreán 2020.
Beidh deis ag na buaiteoirí i ngach catagóir a bpíosaí scríbhneoireachta buaiteacha a léamh ar seit teilifíse Ros na Rún roimh thús an 25ú séasúr.
Tags: