Job Vacancy: Áislann Rann na Feirste is currently recruiting for a full-time Manager.
Is comhlacht pobal bhunaithe é Áislann Rann na Feirste atá faoi Theorainn Ráthaíochta, a fhorbraíonn cúrsaí sóisialta, cultúrtha, teanga, oideachais agus eacnamaíochta sa cheantar. Faoi láthair tá an Comhlacht ag earcú:
Bainisteoir (Post Lánaimseartha)
Taithí / Scileanna Riachtanacha:
- Ard scileanna Gaeilge idir labhartha agus scríofa
- Ard scileanna cumarsáide agus idirphearsanta idir labhartha agus scríofa
- Taithí bainistíochta foirne
- Taithí i mbainistíocht/eagrú tograí agus/ná imeachtaí
- Scileanna cuntasaíochta
- Taithí ar fheidhmchláir ríomhaireachta(Excel, Word, Outlook & rl)
Taithí / Scileanna Inmhianaithe:
- Taithí i gcúrsaí forbartha pobail
- Taithí ag plé le buiséid
- Taithí ag plé le heagrais Stáit – Údarás na Gaeltachta, Pobal agus rl
- Ceadúnas tiomána reatha agus gléas taistil
Íosphá – €32,000 sa bhliain ach beidh ardú ar seo de réir taithí agus Pá i gCoibhneas le Feidhmíocht.
Seol do CV roimh Déardaoin 28/03/2019 chuig: bordaislann@gmail.com
An Rúnaí Bord,
Áislann Rann na Feirste,
Leitir Ceanainn,
Co. Dhún na nGall.
F94TV76
Tá tuilleadh eolais le fáil más mian ach ríomhphost a sheoladh chuig: bordaislann@gmail.com
Tá an post seo á mhaoiniú ag ‘Pobal’ trí an Roinn Coimirce Sóisialaí.
Tags: