Tá post mar Chlár Reachtaire le RTÉ Raidió na Gaeltachta sna Doirí Beaga fógraithe ag RTÉ.
Post lán-aimseartha ar chonradh seasta dhá bhliain atá i gceist. Tá iarrthóirí atá díograiseach, eagraithe agus a bhfuil tuiscint faoi shaol chultúrtha agus polaitíochta na tíre, ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta acu á lorg.
Ba cheart go mbeadh Gaeilge den scoth, idir scríobh agus labhairt ag iarrthóirí chomh maith.
Oibríonn an Clár Reachtaire i bpáirt le meitheal léiriúcháin, teicneolaíochta agus bainistíochta le seirbhís raidió den chéad scoth a chur ar fáil don phobal éisteachta.
I measc na ndualgas a bheidh ar an gClár Reachtaire, beidh:
* Taighde, léiriú agus láithriú ar chláir agus feasacháin i réimsí éagsúla.
* Cóip nuachta a scríobh, a aistriú agus eagarthóireacht a dhéanamh orthu.
* Agallaimh agus píosaí fuaime a thaifead sa stiúideo agus ar láithreacha seachtracha eile.
* Eagarthóireacht a dhéanamh ar phíosaí fuaime atá réamhthaifeadta.
* Cabhair a thabhairt do sheirbhísí eile de chuid RTÉ de réir mar is gá.
Tuilleadh eolais ar fáil ag rté.ie/careers
Tags: