De réir figiúirí a nochtadh ón Roinn Oideachais agus Scileanna don Teachta Dála Peadar Tóibín Sinn Féin le déanaí, níl ach seacht scoil ó na 42 scoil a bunaíodh ó 2011, faoin bpróiseas nua pátrúnachta, ina ngaelscoileanna.
Chomh maith le sin is scoileanna ilchreidmheacha iad go léir idir bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna, faoi Phátrónachta an Fhóras Pátrúnachta.
Ag labhairt dó inniu deir Teachta Tóibín: “Tá a fhios againn cheana féin go bhfuil 23% de thuismitheoirí na tíre ag éileamh oideachais trí mheán na Gaeilge. Ní shásaíonn an córas mar atá, ach 4.7% den éileamh úd.
“Go simplí, ní shásaíonn córas pátrúnachta an rialtais an t-éileamh atá ar Ghaelscoileanna.
“Anuas ar sin chun éagsúlacht a bhaint amach, rud atá mar bhunchuspóir an chórais reatha, caithfear dul thar fóir chun an scéal a réiteach, agus chun an meán a réiteach thar ama, rud nach bhfuil ag tarlú i leith an ghaeloideachais.
“Tá sé léirithe ag earnáil an ghaeloideachais ó 2011 ar aghaidh, go bhfreastalaíonn siad ní hamháin, ar an dátheangachas, ach ba scoileanna ilchreidmheacha, lán –Ghaeilge ar fad a bunaíodh faoin bhForas Pátrúnachta.
“Caithfidh an rialtas dul i bhfad níos faide chun an t-éileamh atá ann don ghaeloideachas a shásamh amach anseo. Sin atá ag teastáil ag tuismitheoirí na tíre.
“Tá fás agus forbairt as cuimse tagtha ar an nGaeloideachas faoi láthair agus beidh amach anseo nuair a aithneoidh tuismitheoirí tairbhe an oideachais dhátheangach.”