In agallamh a craoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu, dúirt Pat the Cope Ó Gallchóir, iarrthóir Fhianna Fáil i ndáilcheantar Dhún na nGall, go bhfuil sé dóchasach go mbeidh sé in ann an dara suíochán a bhaint amach don pháirtí san Olltoghchán.
San agallamh le Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta na seirbhíse, dúirt sé go bhfuil caidreamh maith aige leis an Teachta Dála Charlie McConalogue agus shéan sé go bhfuil sé ar thóir a shuíochán.
“Tagaimse ón sean dáil cheantar san iar-dheisceart agus tá Charlie ón oir-thuaisceart, agus beidh Charlie ag díriú isteach go ginearálta ar a cheantar féin agus beidh mise ag díriú isteach ar mo shean dáilcheantar, só sin an cineál socrú atá déanta againn. Má tá muid ábalta an vótáil a bhainistiú, ceapaimse go bhfuil an-seans againn.
““De réir na pobalbhreitheanna atá déanta againne i nDún na nGall, tá níos mó ná 25% nó 26% againne, is é 16% an cuóta i nDáilcheantar 5 shuíochán, só dá bhfaigheadh muidinne 26% agus má tá bainistíocht cheart déanta tá an-seans againn.”
Dúirt sé chomh maith gurb é féin is fearr a dhéanfadh ionadaíocht thar ceann mhuintir na Gaeltachta sa chontae.
Bhí sé ag caint le RTÉ Raidió na Gaeltachta ag Ard-Fheis Fhianna Fáil i mBaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine.
Tags: