Bhí Seó na Nollag an-speisialta do na mic léinn agus d’fhoireann ag Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn, i mbliana – cuireadh ar staitse é sa scoil úr nua don chéad uair.
Maidin lán le ceol agus céiliúireachta na Nollag a bhí ann agus neart tallinne ar taispeáint sa Halla Mór le grúpa ceoil traidisiúnta den scoth, amhránaí, dráma, bailé, rince Gaelach, filíocht agus cór na scoile.
Bhí a lán oibre déanta ag na stiúrthóirí Maria Uí Rois agus Marie Uí Taidhg.
Bronnadh níos mó na €300 ar Chumann Naomh Uinseann de Phól.
Tags: