Ócáid shúntasach agus lán ceiliúradh a bhí ann sa Ghaelscoil i Leitir Ceanainn inniu mar bhí oscailt oifigiúil as mhéadú agus athcóiriú na scoile.
Bunaíodh Gaelscoil Adhamhnáin ar an chéad lá de Mhéan Fómhair 1991 le 26 dalta agus múinteoir amháin.
Ag an am sin, bhí an scoil lonnaithe in Ard Uí Dhónaill. Bhog Gaelscoil Adhamhnáin go úrthógtha i nGleann Cearra sa bhliain 2000.
Inniu, tá thar 400 dálta ag freastal ar an scoil.
Labhraíonn aoi speisialta, Seán Ó Longain, Iar Ardfheidhmiúnach ar Choiste Gairmoideachais, ag an ócáid speisialta.
Bhí cór na scoile, daltaí, bord bainistíochta, pobal na scoile i láthair sa halla inniu.
Lá brodúil a bhí ann do phríomhoide na scoile Máire Nic Gairbhe-Uí Bhaoill agus d’fhoireann na scoile.
Tags: