I dtreo dheireadh na bliana seo chugainn glacfaidh Seirbhís Náisiúnta úr um Cheadúnas Tiomána (SNCT) freagracht as gach iarratas ar Cheadúnais Tiomána a láimhseáil agus ní bheidh aon ról ag na húdaráis áitiúla ina dhiaidh sin.
Leis na hathruithe seo a éascú beidh idirthréimhse ann ó mhí Eanáir go dtí mí Mheán Fómhair 2013, nuair a bheas na hÚdaráis Áitiúla i mbun láimhseáil na n-iarratas ar Cheadúnais Tiomána ach an ceadúnas é féin á tháirgeadh agus á sheachadadh ag sainchomhlacht.
Beidh Comhairle Contae Dhún na nGall ‘ag lárú’ a seirbhíse i dtaca le láimhseáil iarratas i rith na hidirthréimhse seo agus ón 12 Eanáir 2013 is in aon ionad amháin sa chontae a phróiseálfar iarratais ar Cheadúnais Tiomána, mar atá, Oifig na Mótarchánach, Ionad na dTrí Abhainn, Leifear.
Beidh custaiméirí go fóill in ann iarratas a fhágáil san Ionad Seirbhísí Pobail go háitiúil (ISP) lena chur ar aghaidh chuig an oifig phróiseála lárnach i Leifear, ach ní thig leis an Chomhairle íocaíochtaí in airgead tirim a ghlacadh fá choinne Ceadúnas Tiomána sna hIonaid Seirbhísí Pobail.
Tá athruithe tábhachtacha náisiúnta i gceist fosta i dtaca leis na socruithe chun Ceadúnais Tiomána a phróiseáil;
• Méadú ar na Táillí le haghaidh Ceadúnas Tiomána ón 1 Eanáir 2013.
• Ceadúnas Tiomána plaisteach de ‘stíl úr’ le tabhairt isteach ón 19 Eanáir 2013.
• Athruithe i dtaca leis an dóigh a gceadúnaítear gluaisrothaithe faoi oiliúint, agus tiománaithe bus & trucailí, san am atá amach romhainn.
• Athruithe in athnuachan Ceadúnais le haghaidh Sealbhóirí Ceadúnais Ardchatagóra (uasmhéid de 5 bliana faoi réir ag Scrúdú Leighis).
Is féidir tuilleadh eolais faoi na hathruithe seo a fháil i d’Oifig Mótarchánach áitiúil nó ar www.donegalcoco.ie nó www.rsa.ie
Roinnt dátaí tábhachtacha duit le cuimhneamh orthu;
Ó Athruithe
1 Eanáir 2013 • Méadú ar tháillí don Cheadúnas Tiomána
11 Eanáir 2013 • An dáta deireanach ar féidir Ceadúnas Tiomána páipéir den ‘tseanstíl’ a eisiúint.
• Dáta deireanach ar féidir Ceadúnais Tiomána a eisiúint sna hIonaid Seirbhísí Pobail i gCarn Domhnach, Leitir Ceanainn, Baile na nGallóglach, An Clochán Liath agus Baile Dhún na nGall.
12 Eanáir 2012 • Is san Oifig Mótarchánach amháin, Ionad na dTrí Abhainn, Leifear, a phróiseálfar iarratais ar Cheadúnais Tiomána.
• Nóta: ní eiseofar aon cheadúnas idir 12 Eanáir agus 19 Eanáir 2013.
19 Eanáir 2013 • Leagan úr ‘plaisteach’ de Cheadúnas Tiomána á thabhairt isteach.
Deireadh Fómhair 2013 • Glacfaidh Seirbhís Náisiúnta úr um Cheadúnas Tiomána (SNCT) freagracht as gach iarratas ar Cheadúnais Tiomána a láimhseáil agus ní bheidh baint ná páirt ag na húdaráis áitiúla.
Donegal County Council to centralise processing of applications for Driving Licences.
Towards the end of next year a new National Driver Licence Service (NDLS) will take over responsibility for the processing of all applications for Driver Licences and local authorities will no longer have a role.
To facilitate these changes there will be a ‘transition’ period from January until September 2013, during which the Local Authorities will process applications for Driver Licences but the licence itself will be produced and delivered by a specialist company.
Donegal County Council will be ‘centralising’ its service in relation to processing of applications during this ‘transition’ period and from 12th January 2013 all applications for Driver Licences will only be processed at one location in the county, the Motor Tax Office, Three Rivers Centre, Lifford.
Customers will continue to be able to leave an application into their local Public Service Centre (PSC) for conveyance to the central processing office in Lifford, however the Council cannot accept cash payments for Driver Licences in the Public Service Centres.
There are also important changes nationally to take place in relation to arrangements for processing of Driver Licences;
- An increase in Fees for Drivers Licences from 1st January 2013.
- The introduction of a ‘new style’ plastic Drivers Licence from 19th January 2013.
- Changes in relation to how learner motorcyclists and bus & truck drivers are licensed in the future.
- Changes in renewal of Licence for Higher Category Licence Holders (max 5 years subject to Medical).
Further details in relation to all these changes can be obtained from your Local Motor Tax Office or on www.donegalcoco.ie or www.rsa.ie
Some important dates for you to remember;
From |
Changes |
1st January 2013 |
|
11th January 2013 |
|
12th January 2012 |
|
19th January 2013 |
|
October 2013 |
|
Tags: