Déanann CLG Ghaoth Dobhair comhghairdeas le Neil, Éamonn, Peadar agus foireann Dhún na nGall. Ó thaobh ticéidí don Chluiche Ceannais , is cinnte go mbeidh éileamh mór orthu sa chlub seo mar bheas ag gach club eile sa chontae. Mar sin de , beidh an córas seo a leanas i bhfeidhm againn i bhFochumann Ghaoth Dobhair.
Ní bheidh muid ach ag glacadh orduithe ó dhaoine fásta atá ina mbaill reatha amháin, de réir ticéid amháin do gach ball. Beidh uimhir theagmhála ar fáil nuair atá tuilleadh eolais againn. Níl an fó-chumann ag glacadh aon orduithe go fóill.
Tags: