Bancanna Buidéil – Gort a’ Choirce
Tá na bancanna buidéil/athchúrsála suite anois ag Halla na Paróiste. Bhog an comhairle contae iad de thairbhe rialacha sláinte agus sábháilteachta ó Bhord Soláthair an Leictreachais. Is maith go raibh suíomh eile ar fáil don phobal agus go dtig linn leas a bhaint as an tseirbhís tábhachtach seo go fóill.
Bailte Slachtmhara – Gort a’ Choirce
Buíochas le achan duine as bhur gcomhoibriú uilig. Tá ag éirí go maith leis an obair. Bíonn an coiste gnóitheach ag péinteáil, tógáil/cóiriú ballaí, glanadh agus scuabadh, tógáil bruscair, lomadh féir agus cur blátha. Tá an comórtas faoi lán seoil agus bheadh sé ina chuidiú dá gcoinneofaí an baile ag amharc go deas sna míonna amach romhainn. Tá oibrí úr againn faoin scéim fostaíochta pobail, John McClafferty, agus é ag obair go dícheallach don phobal. Má bhíonn aon tuairimí/moltaí agat beidh fáilte rompu ach dhul i dteagmháil le duine den choiste.
Buíochas Oíche Fhéile Eoin
Ba mhaith leis an grúpa timpeallachta Meas Iarthuaisceart buíochas a thabhairt d’achan duine nár dhóigh ábhair mínádúrtha macasamhail boinn rothar, rubar agus bruscar tí ar tinte Fhéile Eoin i mbliana.
Taispeántas Déanta Múirín
Beidh taispeántas déanta múirín ar siúl sna Tithe Gloine i gCill Ulta ar an Satharn 14ú Iúil ar 12 meán lae. Seo uair a chloig eolais ag foghlaim faoi déanamh múirín as dramhaíl bhia. Laghdaigh an méid dramhaíl a chuirtear sa bhocsa brúscair sa bhaile agus déan múirín le cuir sa gharradh. Beidh coimeádáin múirín (compost bins) de chuid na Comhairle Contae le díol fosta ar €13.00 an ceann. A eagrú ag an grúpa timpeallachta MEAS Iarthuaisceart as Gort a’ Choirce le tacaíocht Na Tithe Gloine, Cill Ulta. Tuilleadh eolais : www.meas-it.com nó 087-6111524.
Composting Demonstration
There will be a composting demonstration at Na Tithe Gloine, Cill Ulta on Saturday 14th July at 12 midday. This is an information hour of learning how to make compost from food waste. Reduce the amount of waste that goes into the rubbish bin at home and make compost for your garden. County Council compost bins will also be on sale at €13.00 each. Organised by the environment group MEAS from Gort a’ Choirce with the support of Na Tithe Gloine, Cill Ulta. Further information: www.meas-it.com or 086-8460764.
Can’t Pay Won’t Pay Cloch Cheann Fhaola
Buíochas le achan duine a tháinig chuig an léirsiú taobh amuigh d’oifig Dinny McGinly TD ar an Satharn 30ú Meitheamh.
Thanks to everyone who came to the protest outside the office of Dinny McGinley TD on Saturday 30th June.
Léirsiú ar an Aoine 6ú Iúil, 12 meán lae ar na Croisbhealaigh.
Protest on Friday 6th June, 12 midday at the crossroads in An Fál Carrach.
Póstaeirí neampholaitiúil le bhur dtoil. Bring non-political posters.
Ballraíocht feachtais ar fáil fosta. Campaign membership also available.
Buíochas le achan duine a bhíonn i láthair ag na léirsuithe seachtainiúil.
Thanks to everyone who attends the weekly protests.
An chéad cruinniú pleanála eile ar an Satharn 7ú Iúil in Óstán Loch Altan ar 1in.
Next organising meeting on Saturday 7th July in Óstán Loch Altan at 1pm.
Info: 0863122784 or 0876111524. Follow us on FaceBook. National campaign: www.nohouseholdtax.org, www.wewontpay.ie
Tags: