Tá an fhoireann Faoi 16 fríd go dtí an cluiche ceannais sraith an chontae tar eis an bhua a fháil ar na Cealla Beaga trathnóna inniu ar na Gleanntaí leis an scór 1-06 go dtí 0-3.
Ag imirt in éadan na gaoithe sa chéad leath chuir Gaoth Dobhair tús maith leis an chluiche nuair a fuair Cian Ó Maolagáin cúl sa chéad bomaite.
Chuaigh na Cella ar an ionsaí go díreach ina dhiaidh sin agus bhí seans acu ar cúl a d’éirigh le Séan Máirtín Mac Giolla Chomhaill an liathróid a choinneal amuigh as an eangach.
D’aimsigh na Cealla dhá phointe sula bhfuair Mícheál Ó Cearbhaill pointe roimhe leath ama. D’fhág sin an scór ag leath ama 1-01 go 0-02 do Ghaoth Dobhair.
Fuair Mícheál Ó Cearbhaiil agus Gavin Mac Giolla Bhríde pointí breá luath sa dara leath. Chuir Gavin cic saor thar an trasnán agus tháinig dhá scór eile uaidh Tiarnán Ó Dea agus Aodhán Ó Fearraigh.
Fuair na Cealla pointe eile ag deireadh an chluiche. Beidh Gaoth Dobhair ag imirt Aodh Rua sa cluiche ceannais ar an Satharn 26ú Bealtaine.
Foireann: Seán Máirtín Mac Giolla Chomhaill, Gearóid Mac Pháidín, Pádraig Ó Gribín, Seamús Ó Baoill, Ryan Ó Gríofa, Ciarán Mac Giolla Easbuic, Ryan Ó Ceallaigh, Niall Ó Frighíl, Cian Ó Maolagáin, Aodhán Ó Fearraigh, Dáire Ó Baoill, Seosamh Mac Pháidín, Tiarnán Ó Dea, Mícheál Ó Cearbhaill, Gavin Mac Giolla Bhríde. Fir Ionaid: Éamonn Ó Coilm, Séan Ó Fearraigh, Kyle Mac Pháidín, Eoghan Ó Gallachóir, Seaghán Ó Fearraigh. (Lads atá gortaithe; Cathal Seán Ó Dochartaigh, Mícheál Ó Gallachóir & Naoise Ó Baoill)
Tags: