Seo seans eile ag lucht féachana TG4 ‘Tubaiste Bhaile Mhánais’ a fheiceail arís an mhí seo chugainn.
Clár faisnaise faoi thubaiste mianaigh i dTír Chonaill i 1943 inar maraíodh 19 fear óg as ceantar beag Gaeltachta i nDún na nGall nuair a phléasc mianach-mara ar thrá bhaile Mhánais, atá cúpla mile as baile an Mhullaigh Dhuibh.
Fágadh an ceantar faoi ualach bróin agus tá daoine ann a mheasann gur fhág an fiosrúchán ag an am go leor eolais ar lár agus go ndearnadh iarracht bun-fhíricí na tubaiste a cheilt.
I ‘dTubaiste Bhaile Mhánais’, buaileann an láithreoir Dónall Mac Ruairí leis an bheagán daoine a chonaic an t-uafás agus atá fós beo agus déanann sé iarracht a fháil amach cad go díreach a tharla ar an 10ú Bealtaine ar Thrá Bhaile Mhánais.
An bhfuil fírinne sa tuairim áitiúil go bhféadfadh an eachtra a sheachaint, agus go ndearna na húdaráis iarracht an fhírinne a cheilt ina diaidh?
Tá Pat Gallagher ar dhuine de na cainteoirí ar an chlár. Chaill sé a athair agus beirt uncail sa phléascadh, agus ní bhfuair sé amach faoin rud a tharla dóibh go dtí go raibh sé ina dhéagóir.
Ó shin, tá sé lárnach i bhfeachtas chun cuimhní na heachtra a choinneáil i mbéal an phobail.
Scríobh Pat leabhrán faoin chás i ndiaidh dó theacht ar ábhar sa chartlann náisiúnta a bhíodh faoi cheilt. Bhí sé mar urlabhraí do theaghlaigh na mbásaithe agus iad sa tóir ar leithscéal oifigiúil ó ionadaí Rialtas Bhaile Cliath i Mí na Nollag 2010.
Is as Rann na Feirste, cóngarach do Bhaile Mhánais, don láithreoir, Dónall Mac Ruairí, agus d’fhás sé aníos ag éisteacht le scéalta is ráflaí faoin eachtra.
Bhí a fhios aige gur tubaiste uafásach a bhí ann ach ba bheag a bhí ar eolas aige faoin na fáthanna ar tharla sé nó faoin na fáthanna nár tuairiscíodh móran é ina dhiaidh.
Téann Dónall ar thuras chun iomlán an scéil a fháil amach. Cuireann sé na finnéithe sin atá fágtha, an chuid is mó acu sna h-ochtóidí agus sna nóchaidí anois, faoi agallamh agus le treoir ó Phat Gallagher téann sé tríd na doiciméadaí cartlainne a bhaineann leis an chás.
Cluineann muid cur síos ó na finnéithe faoin tréimhse agus faoin uafás a tharla an oíche sin.
Déanann an clár imscrúdú ar na fáthanna ar tharla an eachtra, agus fiosraítear cén fáth ar cuireadh an dara cailliúint bheatha ba mhó le linn na “Éigeandála” i bPoblacht na hÉireann faoi cheilt ar feadh na mblianta.
Dúirt láithreoir an chláir, Dónall Mac Ruairí : “Ba rí-thábhachtach iarracht a dhéanamh sonraí iomlána thragóid mianaigh Bhaile Mhánais a fháil amach sular imigh an beagán finnéithe atá fágtha ar shlí na fírinne.
Is drochscéal amach é faoi eachtra a ghoill go mór ar phobal Gaeltachta, pobal a mheas i gcónaí gur cailleadh 19 duine gan chúis, agus nach raibh aird ar a gcuid tuairimí faoin tubaiste.
Ba deacair domsa a thuigbheáil cad chuige nach raibh níos mó eolais ag muintir Thír Chonaill faoin eachtra, gan trácht ar mhuintir na tíre ar fad. Ba chóir go mbeadh an scéal seo i mbéal an phobail go náisiúnta le go dtuigfí mar is ceart cad é go díreach a tharla ar an lá uafásach sin agus ó shin.
‘Tubaiste Bhaile Mhánais’ Dé Céadaoin 9ú Bealtaine 9.30 TG4
Tags: