Is slí nua é Rith 2012 chun teanga agus cultúr na Gaeilge a cheiliúradh go feiceálach i bpobail ar fud na hÉireann agus airgead á bhailiú d’fhorbairt na Gaeilge ag an am céanna.
Beidh baitín sealaíochta lámh-dhearaithe speisialta le teachtaireacht folaithe istigh ann á iompar ag Rith 2012 ó thus go deireadh.
Tógfar céad chéimeanna Rith 2012 i nGaoth Dobhair ar an 8 Márta. I ndiaidh an tsearmanais tionscnaimh, osclófar an Bata agus cuirfear an teachtaireacht tacaíochta don Ghaeilge isteach ann.
Ansin, bronnfar an bata ar rásaí an chéad chiliméadair agus tosóidh an turas…Iomprófar an Bata timpeall na hÉireann ar feadh deich lá, ó mhaidn go hoíche, ar thuras 1000km, trí breis is 200 baile agus 15 gcondae.
Críochnóidh sé ar Lá Fhéile Pádraig in Inis Mór, Árainn, Co. na Gaillimhe agus léifear amach an teachtaireacht tacaíochta seo don Ghaeilge.
Tá cúrsa 1000km leagtha amach chun ollrith sealaíochta a dhéanamh ó Ghaoth Dobhair go hInis Mór leis na míllte duine ag glacadh páirte ann.
Tharla an chéad Rith sa bhliain 2010 nuair a ghlac 20,000 páirt san fhéile.
Níos mó sonraí ar www.rith.ie
COMÓRTAIS
Rannóg A Bunscoileanna: Naíonáin – Rang 2, Clubanna óige 4-8
Rannóg B Bunscoileanna: Rang 3– 6 Clubanna óige: aois 9-13
Rannóg C Iarbhunscoileanna: Clubanna óige Aois 13 +
Comórtas 1. Cumadóireacht ó bhéal
Cum rap, dán no amhrán i gcomhair Rith 2012. Is comórtas grúpa nó
ranga é seo. Ba cheart don ghrúpa nó don rang go léir bheith ag obair
le chéile agus iarratas amháin a chur isteach.
Spriocdháta: Dé hAoine, 24 Feabhra 2012.
Comórtas 2. Griangraf / Bratacha
Dear agus déan bratacha i gcomhair Rith 2012. Ansin glac cúpla
grianghraf agus seol chugainn iad chun an dea-obair a thaispeáint.
Ullmhaigh na bratacha roimh an Aoine, 2 Márta 2012
Comórtas 3. Ealaín
Is comórtas aonair é seo. Is féidir le gach duine sa ghrúpa nó sa rang
iarratas a ullmhú.
Rannóg A: Tarraing nó péinteáil pictiúr ‘Mo Cheantar Féin’ agus cuir
teideal air.
Rannóg B: Tarraing nó péinteáil pictiúr a léireoidh míniú ar
logainm(neacha) i do cheantar.
Rannóg C: Dear póstaer (le láimh nó go leictreonach) a léireoidh míniú
ar logainm(neacha) i do cheantar.
Spriocdháta : Dé hAoine, 2 Márta 2012.
Comórtas 4. Scríbhneoireacht
Is comórtas aonair é seo. Is féidir le gach duine sa ghrúpa nó sa rang
iarratas a ullmhú.
Rannóg A: Cuir lipéad nó bolgán cainte leis an bpictiúr. (www.rith.ie/comortais)
Rannóg B: Scríobh scéal faoi Rith 2012. Is féidir fíorscéal nó ficsean
a bheith i gceist.
Rannóg C: Scríobh alt i gcomhair irisleabhair nó nuachtáin faoi Rith 2012.
Spriocdháta: Dé hAoine, 24 Márta 2012.
Duaiseanna : Clódóirí ó Hewlett-Packard agus cluichí, leabhair agus
CD ó www.udar.ie
Tags: