Tá Baile na nGallóglach ceann de na balite atà ag glacadh páirte sa seó nua agus chaith foireann ón Adare Productions agus TG4 tamall ag scannánú sa bhaile le linn an tsamhraidh.
‘Seard atá sa ‘G-Team’ ina bhfeicfear pobail nach labhraínn Gaeilge ó cheann ceann na hÉireann agus dúshlán a thabhairt dóibh ár dteanga dhúchasach a úsáid ina saol ó lá go lá. An bhfuil do bhúistéir áitiúil in ann feoil a dhíol leat i nGaeilge? An bhfuil na tuismitheoirí áitiúla in ann go leor den teanga a fhoghlaim le scéal a léamh dá
leanaí ag am codlata?
Tá Ceannairí Foirne le Gaeilge i ngach réigiún againn faoi láthair lena mbaile féin a chur san iomaíocht agus le bheith i gceannas ar iarracht a bpobal ar ‘G-Day’ (Lá na Gaeilge).
‘Séard a bheidh in ‘G-Day’ an lá a thiocfaidh na ceamaraí chuig an mbaile le féachaint ar an bpobal agus féile á reáchtáil acu agus dian-iarracht á déanamh acu an Ghaeilge a labhairt i gcaitheamh an lae.
Beidh na ceannairí foirne i gceannas ar gach gné den ullmhúchán ag druidim le G-Day ar an lá féin. Beidh na ceannairí foirne freagrach as muintir an bhaile a spreagadh dul i ngleic le dúshlán an G-Team chomh maith, agus an Ghaeilge a úsáid ó lá go lá sna seachtainí roimh an fhéile.
TG4 Dé Domhnaigh @ 20:00 & Dé Céadaoin @ 20:30 (Ón 15ú Eanáir ar aghaidh)
Is iad na moltóirí ar an chlár:
Lorcan MacGabhann
Chaith Lorcán tréimhsí oibre le Conradh na Gaeilge, le hÓgras, le
Bord na Gaeilge, ina Fheidhmeannach Sinsearach i mBord na Gaeilge , le
bhForas na Gaeilge agus ó 2001 mar Cheannasaí le Glór na nGael. Is
bunaitheoir agus Cathaoirleach é ar Ghaelscoil Thaobh na Coille ó 1995
i leith. Ba cisteoir agus ball de Bhord Stiúrtha Gaelscoileanna Teo é
ó 2000 – 2004. Ba cathaoirleach é agus is ball de Bhord Stiúrtha Foras
Patrúnachta na Scoileanna LánGhaeilge é ó 1996 go dáta.
Rossa Ó Snodaigh
Rossa, ceoltóir agus gníomhaí teanga agus duine de bhunaitheoirí an
bhanna rac Gaeilge ‘Kíla’. D’oibrigh sé go dian dicheallach le
Gaelscoil a bhunú ina cheantar áitiúil Cluainín Uí Ruairc, Co.
Liatroma. Bhí an-bhaint freisin ag Rossa le bunú an ‘Speaker’s
Square’ i mBarra an Teampaill i mBaile Átha Cliath agus is é a bhíonn
i mbun ‘Puball Gaeilge’ Electric Picnic gach bliain.
Mary Hanafin
Iarmhúinteoir meánscoile Gaeilge agus Staire í Mary Hanafin. Chaith
sí cheithre bliana déag ina Teachta Dála agus sa tréimhse sin bhí sí
ina hAire Oideachais agus Eolaíochta (2004-08), ina hAire Gnóthaí
Sóisialacha agus Teaghlaigh (2008-10), in hAire Turasóireachta,
Cúltúir agus Spóirt (2010-11) agus ina hAire Fiontar, Trádála agus
Nuálaíochta (2011).
Tags: