Beidh cúpla as Dún na nGall ar TG4 anocht ar an chlár Mí na Meala.
Phós Joe agus Patricia Uí Ghallchóir i Márta na bliana 1975 agus chuaigh siad go dtí an Spáinn ar Mhí na Meala.
Sa chlár seo, filleann an lánúin ar ais chuig ionad mhí na meala acu agus amharcann siad dul siar ar na hathruithe, ní amháin sa tír ach ina saol féin thar na blianta.
Spreagann an turas cuimhní agus súil siar ar bhóithrín na smaointe.
Is as Sasana Patricia ó dhúchas ach bhog sí go Dún na nGall nuair a bhí sí naoi mbliana d’aois.
Chas an bheirt ar a chéile i Halla Pobail Ghort an Choirce – agus phós siad an 31ú Márta 1975 i Yorkshire.
TG4 anocht 8 i.n
© 2011 donegaldaily.com, all Rights Reserved
The copying, republication or redistribution of donegaldaily.com Content, including by framing or similar means, is expressly prohibited by law.
Follow us on www.twitter.com/donegaldaily
Follow us on www.facebook.com/donegaldaily
Sell anything on www.donegaldailyclassifieds.com