Tá Michael Gallager, fear an phoist, tar éis sneachta a thuar go rathúil le cúpla bliain anuas óna bhaile i sléib- hte Dhún na nGall.
Ach deir Michael nach dtuigeann sé an fáth a bhfuil gach duine ag rá go mbeidh an tír ina dhúgheimhreadh go ceann cúpla mí.
“Níl a fhios agam beo cá bhfuil bunús na dtu- artha seo. Ní fheicim aon chomhartha faoi. Ní chea- paim go mbeidh sé chomh dona agus a bhí le cúpla bliain anuas.
“Creidim go mbeidh neart báistí agus seaca againn, ach ní fheicim an
sneachta mór agus an teocht faoi bhun an reophointe atá á dtuar ag cách,” a dúirt sé.
Deir Michael, a chuir iallach ar an ngeallghla- cadóir Paddy Power €70,000 a íoc i ngeallta luatha tar éis Nollaig bhán a thuar dhá bhliain ó shin, go mbeidh neart stoirmeacha ann.
Le déanaí tháinig cus- taiméir chuige tar éis dó frog a aimsiú taobh thiar de phota bláthanna.
“Nuair a d’ardaíomar an pota ní bhogfadh an frog. Bhí a fhios agam gur droch-chomhartha é sin cinnte.
Cúpla lá níos déanaí bhí na drochstoirmeacha sin againn. Bhí a fhios ag an bhfrog go raibh sé le bheith go dona agus ní raibh sé i gceist aige dul aon áit,” a dúirt Michael.
Geimhreadh
Níl fear aimsire eile, Peter O’Donnell ó www.irish- weatheronline.com, ag ceapadh go mbeimid ag crith an geimhreadh seo.
Dúirt sé go bhféadfadh mí Eanáir a bheith ar an mí is fuaire, ach gur beag seans go mbeidh sé chomh dona agus a bhí anuraidh: “Níl sé le bhei- th chomh drámata, agus níl an dianfhuacht le leanúint ar aghaidh.
“D’fhéadfadh thart ar an méid céanna d’aimsir chneasta agus d’aimsir fhuar a bheith ann le gaoth láidir, báisteach throm ó am go ham agus roinnt sneachta nó oighir.”
www.foinse.ie