Tháinig slua deas le chéile ar Ghaelscoil Adhamhnáin i Leitir Ceannain le ceiliúradh a dhéanamh ar bhunú na scoile fiche bliain ó shin.
Bhi fáilte roimh thuismitheoirí, iardhaltaí agus baill eile den scoilphobal ar an an ócáid speisialta leis an phríomhoide Máire Nic Gairbhe.
Cuireadh tús leis an lá le seirbhís paidreacha álainn agus beannú na scoile leis an Athair Damian Mac Rabhartaigh agus bhi ceol go hálainn ó Chór na Scoile.
Ar an cheád lá de Mheán Fómhair, 1991, d’oscail an Ghaelscoil a doirse le sé dhálta is fiche agus bhi an scoil lonnaithe in Ard Ui Dhómhnaill ach le blianta anuas, bhi méadú mór dhaltai ar an scoil, ar ndóigh, tá 400 dálta ag freastal uirthi anois agus naoi mhúinteoir déag ar an fhoireann.
D’inis Máire Nic Gairbhe le hÁine Ní Churráin ó Raidió na Gaeltachta, abhí ag craoladh beo ón scoil, go raibh sí an-bhrodúil as an fhoireann agus as na tuismitheoirí agus an dea-obair a rinne siad ar son na scoile.
Mar pháirt den cheiliúradh, amhránaí clúiteach Mairéad Ní Mhaonaigh an t-aoi speisialta a bhí ag an ócáid agus bhí athas uirthi an dlúthdhiosca “Gaelscoil Adhnamhnáin 20 Bliain” a sheoladh.
Chaith na daltaí a lán oibre agus ama ar an dhlúthdhiosca lena múinteoirí roimh an tsamhraidh. Beidh an CD (10 euro) ar díol sna siopaí sa cheantar.
Bhí go leor craic agus spraoi dona daltaí sa tráthnóna le damhsa, cluichí agus spórt.
Beidh aifreann san Ardeaglais ar Shatharn ar 5.30i.n. agus beidh fáilte roimh achan duine agus ina dhiadh beidh oíche shóisalta sa Chlanree ar 7i.n. le bia agus ceol beo is discó ar 7pm. Ticéidí 20 euro. Beidh oíche den scoth i ndán dóibh!
http://www.youtube.com/user/DonegalDailyTV?feature=mhee
FOR VIDEOS OF THE DAY