Bhí craobh na condae ar siúl ag an deireadh seachtaine agus bhí Gaoth Dobhair ag imirt in éadan Naomh Mícheal. Chaill an fhoireann sinsear leis an scór Gaoth Dobhair 1-10, Naomh Mícheal 1-14 agus chaill an fhoireann tacaíochta leis an scór Gaoth Dobhair 0-09, Naomh Mícheal 2-08. Droch lá amach agus amach ach bhí foireann Naomh Mícheal níos fearr agus ádh mór le Naomh Mícheal anois in éadan Gleann Fhinne.
Beidh Josephine agus Eamon ag ghlacadh ainmneacha anois fá choinne ticéid don chluiche leath cheannais. Tá go dtí an 1 a chlog ar an 16ú Lúnasa agaibh le ticéid a ordú. Na uimhreacha nó 0863613293 agus 0876702959. Má ordaíonn tú ticéid caithfidh tú íoc as, ní thig é a chur ar ceall.
Bord na nÓg
Faoi 16 Chríochnaigh Gaoth Dobhair agus Naomh Bríd ar chomh scór 2-11 go 2-11 tar éis am breise sa cluiche eath ceannais den craobh oíche Luain sna Gleanntaí.
Tags: