Tá neart le fáil ar an suíomh féin: nuacht, spórt, oideachas, eagarfhocail, léirmheasanna, gailearaí, cluichí agus gnéithe go leor eile.
Ta an leagan clóite de Foinse á chur amach saor in aisce leis an Irish Independent gach Céadaoin le breis is bliain go leith anuas anois. Dar le JNRS, tá lucht léitheoireachta de 195,000 duine ag Foinse i bPoblacht na hÉireann.
Is páipéar seachtainiúil é Foinse ar ndóigh ach leis an suíomh nua seo, beimid ábalta nuacht a chur ar fáil ar bhonn laethúil, de na príomhscéalta ar fad, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.
Is céim an-mhór í seo do Foinse mar go dtí seo, ní rabhamar ábalta ach freastal ar mhuintir na hÉireann. Ní hamháin go mbeidh daoine ar fud na hÉireann ábalta dul ar an suíomh seo anois ach beidh daoine ar fud an domhain ar fad ábalta dul air freisin.
Tags: