Dúirt an tAire Stáit: “Tá lúcháir orm go bhfuil cinntí críochnúla déanta ag an Rialtas maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Fágann sé seo gur féidir le hoifigigh i mo Roinn, an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, treabhadh ar aghaidh leis na Cinn a dhréachtú don Bhille Gaeltachta. Táim ag súil go bhfoilseofar an Bille a luaithe agus is féidir, ag brath ar amchlár reachtaíochta an Rialtais.”
Beidh an sainmhíniú nua don Ghaeltacht bunaithe ar an Straitéis 20 Bliain agus ar na moltaí a rinneadh sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Dúirt an tAire Stáit: “Beidh mo Roinn, i gcomhar le heagrais Stáit eile, ag obair go dlúth le pobail Ghaeltachta ar an talamh chun cabhrú leo pleananna teanga, ina n-áireofar na gnéithe uile de shaol an phobail, a ullmhú agus a chur i gcrích.”
Maidir leis na struchtúir fhorfheidhmithe faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, dúirt an tAire Stáit: “Fágann na cinntí Rialtais seo go mbainfear leas as na struchtúir atá ann faoi láthair chun an Straitéis a sheachadadh agus go mbeidh deighilt shoiléir idir na feidhmeanna atá ag na príomhpháirtithe leasmhara maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht araon.”
Dúirt an tAire Stáit: “Mar thoradh ar na cinntí Rialtais seo, creidimse go bhfuil todhchaí Údarás na Gaeltachta slán sábháilte, go n-éireoidh le hÚdarás na Gaeltachta a chuid feidhmeanna reachtúla a choinneáil agus go gcothófar comhoibriú idir Údarás na Gaeltachta agus áisíneachtaí fiontraíochta eile ar mhaithe le hinfheistíocht sa Ghaeltacht.”Suíomh gréasáin: www.arts-sport-tourism.gov.ie <http://www.arts-sport-tourism.gov.ie/>
Notai:
Tá an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030 ar fáil ag http://www.pobail.ie/ie/AnGhaeilge.
Sainmhíniú nua ar an nGaeltacht
* Déanfar foráil faoin mBille Gaeltachta don sainmhíniú nua reachtúil ar an nGaeltacht a bheidh bunaithe feasta ar chritéir theangeolaíocha seachas ar limistéir gheografacha mar atá faoi láthair.
* Déanfar foráil faoin reachtaíocht do phróiseas pleanála teanga faoina ndéanfar pleananna teanga a ullmhú ag leibhéal pobail do gach limistéar Gaeltachta agus faoina ndéanfar faomhadh agus athbhreithniú ar na pleananna sin ar bhonn tréimhsiúil ag an Aire.
* Tabharfar stádas reachtúil do chineál nua ceantair, ‘Gaeltacht gréasáin’, a bheidh lasmuigh de na ceantair Ghaeltachta reachtúla atá ann faoi láthair. Is ceantair iad seo a mbeidh a bhformhór i bpobail uirbeacha agus a mbeidh toirt bhunúsach chriticiúil de thacaíocht phobail agus Stáit acu don Ghaeilge.
* Tabharfar stádas reachtúil freisin do Bhailte Seirbhíse Gaeltachta, i.e. bailte ina gcuirtear seirbhísí ar fáil do cheantair Ghaeltachta.
Struchtúir fhorfheidhmithe faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge
* Coimeádfaidh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an lárfhreagracht maidir le gnóthaí Gaeilge laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht.
* Leanfaidh Foras na Gaeilge ag comhlíonadh a dhualgas i gcomhthéacs uile-oileáin mar áisíneacht den bhForas Teanga Forfheidhmithe Thuaidh Theas.
* Beidh an fhreagracht as forfheidhmiú na Straitéise lasmuigh den Ghaeltacht ar an Roinn i gcomhpháirtíocht le páirtnéirí ábhartha Stáit. Breathnófar ar na féidearthachtaí go bhféadfadh Foras na Gaeilge seachadadh a dhéanamh ar eilimintí áirithe den Straitéis ar bhonn comhaontaithe.
* Beidh an fhreagracht maidir le forfheidhmiú na Straitéise laistigh den Ghaeltacht ar Údarás na Gaeltachta.
Údarás na Gaeltachta
· Mairfidh an status quo maidir le feidhmeanna reatha Údarás na Gaeltachta go ginearálta, a chuid feidhmeanna fiontraíochta san áireamh, faoi réir:
(a) foráil reachtúil a dhéanamh chun cumhacht a thabhairt don Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta treoir a thabhairt don Údarás a chuid acmhainní teoranta a dhíriú i dtreo earnálacha fiontraíochta ar leith; agus
(b) meicníocht a fhorbairt chun go mbeidh Údarás na Gaeltachta in ann comhoibriú le háisíneachtaí fiontraíochta eile, ach go háirithe i gcás tograí suntasacha Gaeltachta a bhfuil poitéinseal ard acu.
* Déanfar foráil faoin mBille Gaeltachta chun Bord Údarás na Gaeltachta a laghdú go suntasach agus chun deireadh a chur leis an riachtanas do thoghcháin.
Tags: