Tháinig scaifte mór amach, idir óg agus aosta, le tacaíocht a thabhairt d’oíche mhór ag Ionad Cois Locha i nDún Lúiche ar na mallaibh.
Spreagadh scoláire óg Aodan Ó’Gallchóir agus a cairde as Pobalscoil Ghaoth Dobhair seó faisin a eagrú le hairgead a bhailiú d’ailse.
Dúirt Aodan: “Sé an chúis a smaointigh mé an oíche seo a eagrú nó de bharr go raibh fhios agam go bhfuil aithne ag thar a bheith achan duine ar dhuine a bhí ailse orthu. Shíl mé gur chóir dúinn oíche a eagrú le hairgead a bhailiú de chúis atá go forleitheadeach leis.
Ni amháin seo ach tá gá le nios mó seirbhisí sa taobh seo tíre le cuidiú le daoine a bhfuil an tinneas seo orthu.”
Thug go léor siopaí eadach dóibh le cur ar an Catwalk agus rinne an gruagaire Patrick Gildea gruaig na girseach agus na gasúr ar an oíche.
Bronnadh gradam máistreás na bliana ar Mary Grace Ó Domhnaill agus máistir na bliana ar Seoirse Ó’Dochartaigh. Tugadh go léor duaiseanna amach chomh maith.